Zuzana Čaputová

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaZuzana Čaputová

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(sk) Zuzana Strapáková
21 Meitheamh 1973
50 bliana d'aois
An Bhratasláiv Cuir in eagar ar Wikidata
5 Uachtarán na Slóvaice
15 Meitheamh 2019 –
← Andrej Kiska
Vice chairwoman (en) Aistrigh Progressive Slovakia (en) Aistrigh
15 Márta 2018 – 19 Márta 2019
Comhairleoir Pezinok
27 Samhain 2010 – 15 Samhain 2014 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síFaculty of Law at Comenius University in Bratislava (en) Aistrigh - legal science (en) Aistrigh (1991–1996)
Ollscoil Comenius - céim máistreachta (1991–1996) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreDlí, abhcóideacht agus polaitíocht
Gairmsaineolaí dlí, gníomhaí timpeallachta, gníomhaí, polaiteoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaProgressive Slovakia (en) Aistrigh (2017–2019) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSlóvaicis, an Rúisis agus Béarla
Teaghlach
CéileIvan Čaputa (–2018), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíPeter Konečný (en) Aistrigh (2018–2019)
Juraj Rizman (2020–) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm10511992 Facebook: zcaputova Twitter: ZuzanaCaputova Instagram: zuzana_caputova Telegram: ZuzanaCaputova LinkedIn: zuzana-caputova Youtube: UCpKEbrT6wer3TCrr4IC2WwA Cuir in eagar ar Wikidata

Dlíodóir, gníomhaí ar son na timpeallachta agus iar-uachtarán na Slóvaice (2019-2024) is ea Zuzana Čaputová (a rugadh 21 Meitheamh 1973).[1] Bhí sí mar eiseamláir mhór do na daonlathaithe, fiú, sna blianta a raibh an lámh in uachtar ag an bpobalachas ann.

Thug Čaputová, le fios i mí an Mheithimh 2023 go raibh sé socraithe aici gan rith don dara téarma uachtaránachta in 2024.[2]

Toghadh Peter Pellegrini in 2024.

2023

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Čaputová léas dóchais don tír tar éis na n-imeachtaí corraitheacha in 2018, nuair a dúnmharaíodh iriseoir óg, Jan Kuciak, tar éis dó tráchtaireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an mhaifia áitiúil a bhí gar go leor don rialtas ag an am.

Bhunaigh Zuzana Čaputová féin, i measc daoine eile, in 2018 na "Progresívne Slovensko" (An tSlóvaic Fhorásach).

Nuair a toghadh í in 2019, thaispeáin sí gur féidir le duine a bheith ina cheannaire láidir gan an crúibín cam agus gan ionsaithe drochbhéasacha a dhéanamh ar pholaiteoirí eile.

Bhí a buanna mar pholaiteoir le feiceáil go soiléir san fhómhar 2022, nuair a maraíodh beirt in ionsaí sceimhlitheoireachta ar chlub LADTA sa Bhratasláiv – gan aon mhoill, thug sí cuairt ar an áit agus rug sí barróg ar úinéir an chlub gan smaoineamh.[2]

Rinneadh bagairtí foréigin agus báis ar Čaputová go mhnic .Bhí polaiteoirí tábhachtacha ag gríosú an fhuatha, go háirithe ceannaire mór de chuid an fhreasúra, Robert Fico. Baineann Fico leas as dioscúrsa na bréagnuachta go comhfhiosach, ag cur i leith Čaputová gur gníomhaire rúnda de chuid na Stát Aontaithe nó de chuid George Soros í. Ag léirsiú amháin anuraidh, bhí feisire de chuid Smer – páirtí Fico – ag gríosú an tslua chun “striapach Mheiriceánach” a scairt amach, agus ní raibh Fico ach ag miongháire.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Radvan Markus (5 Iúil 2023). "Bliain chinniúnach roimh an tSlóvaic agus an Eoraip dá réir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-05.
  2. 2.0 2.1 2.2 Radvan Markus (5 Iúil 2023). "Bliain chinniúnach roimh an tSlóvaic agus an Eoraip dá réir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-15.