Jump to content

Smaragaid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de mineralSmaragaid

Aicmiú
CatagóirMianra
Airíonna
Criostalchórashexagonal crystal system (en) Aistrigh
Cruas Mohs7.6
Dath an stríocáinbán

Is geamchloch agus cineál beirile (Be3Al2(SiO3)6) í smaragaid, ar dhath glas mar gheall ar cróimiam, nó, uaireanta, vanaidiam inti. Tá cruas 7.5-8 ag beiril ar scála Mohs, agus meastar go bhfuil sé éasca smaragaidí a bhriseadh mar gheall ar ábhar iniata iontu.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an focal 'smaragaid' ón Laidin smaragdus, a tháinig ón fhocal Gréigise σμάραγδος (smáragdos), a chiallaíonn “seoid ghlas” ó theanga Sheimíteach.

Dath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Smaragaidí gearrtha

Sa tseoideolaíocht, roinntear an dath ina thrí chomhpháirt: lí, sáithiú agus ton. Is féidir le smaragaid beidh i lí ó buí-ghlas go gorm-ghlas, is é an glas príomhlí na smaragaidí, is iad buí agus gorm na líocha tánaisteacha a fhaightear i smaragaidí. Is iad na seoda a bhfuil cuma ghlas measartha dorcha orthu atá tomhaiste mar smaragaidí. Rangaítear seoda a bhfuil cuma ghealghlas orthu mar bheiril ghlas in ionad smaragaide.

Tíortha ag táirgeadh smaragaidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an Cholóim an tír a tháirgeann an chuid is mó de smaragaidí thar an domhain, le 50-95% ag teacht ón Cholóim. Is iad Muzo, Coscuez, and Chivor na príomháiteanna sa Cholóim a bhíonn ag mianadóireacht smaragaid.

Na tíortha a tháirgeann smaragaidí

Áiteanna eile a bhíonn ag mianadóireacht smaragaid ná an Bhrasaíl, an Rúis, an Afganastáin, an Phacastáin, Madagascar, an tSaimbia, agus an tSiombáib.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]