Jump to content

Seirt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Foirm mhínghráinneach silice, SiO2, ina bhfuil na criostail grianchloiche chomh bídeach sin nach bhfuil siad infheicthe le micreascópacht optúil. Cruthaitear go sainiúil í ar ghrinneall na farraige trí charnadh is athchriostalú blaoscanna na ndiatóm is na Radiolaria. Faightear freisin í coincréitithe in aolchloch.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Seirt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 592.