Jump to content

Niohóiniam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachNiohóiniam
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Niohóiniam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachNh agus Uut
Uimhir adamhach113
Peiriad, Grúpapeiread 7
grúpa 13
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Fiuchphointe1,130
Stair
AimsitheoirJoint Institute for Nuclear Research (en) Aistrigh
Fionnachtain2006
Eapainman tSeapáin

Is é an niohóiniam[1] dúil cheimiceach uimhir a 113, agus cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil shaorga shintéiseach é a dtagann meath radaighníomhach uirthi go tiubh teirimeach. Mar sin, ní féidir mórán a fháil amach faoina shaintréithe ceimiceacha. Tá ainm an niohóiniam bunaithe ar ainm dúchasach na Seapáine, Nihon - is é seo an leagan gnáthchainte de Nippon i Seapáinis an lae inniu. Roimhe seo rinneadh iarracht le niopóiniam a bhaisteadh ar an miotal a dtugtar réiniam air inniu, ach ní raibh Cumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí barúlach gur éirigh leis na heolaithe Seapánacha an dúil sin a chéadaithint i ndáiríre.

Ba iad na heolaithe Seapánacha in Institiúid Riken i gcathair Wakō a d'aithin an chéad adamh niohóiniam, agus mar sin ba orthusan a bronnadh ceart ainmnithe na dúile. Fuair an t-ainm faomhadh na gcumann ceimice agus fisice sa bhliain 2016.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “niohóiniam” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-06.