Feachtas um Dhí-Armáil Núicléach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaFeachtas um Dhí-Armáil Núicléach
(en) Campaign for Nuclear Disarmament Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrCND Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáleagraíocht abhcóideachta
anti-nuclear weapons movement (en) Aistrigh
eagraíocht síochána
eagraíocht neamhrialtasach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlícuideachta phríobháideach faoi theorainn ráthaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodhSamhain 1957
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáincnduk.org Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: CNDuk Twitter: cnduk Mastodon: CNDuk@mastodonapp.uk Instagram: cnd_uk Youtube: UC6hoK6O7Ti4TYGu9fD32RMA Cuir in eagar ar Wikidata

Eagraíocht a bunaíodh sa Bhreatain i 1958 (CND nó an Campaign for Nuclear Disarmament i mBéarla) leis an mbaol don chine daonna ó na hairm núicléacha a bhí á gcarnadh ag na Stáit Aontaithe, an tAontas Sóivéadach, an Bhreatain is an Fhrainc a chur ina luí ar an bpobal, agus an gá práinneach go gcuirfí deireadh leo uile, fiú go haontaobhach chun fuadar a chur faoi.

Bunaíodh grúpaí i dtíortha eile leis na haidhmeanna céanna. Bhíodh na máirseálacha suntasach mór gach bliain go lár na 1960idí.

Léirigh gábh na ndiúracán i gCúba i 1962 go raibh géarghá ann aidhmeanna CND a bhaint amach. Le dul chun cinn (mall) dioplómaitiúil i dtreo na dí-armála (mar shampla, leis an gconradh coiscthe trialacha núicleacha i 1963) laghdaigh an feachtas.

D'athbheoigh sé rud beag sna 1980idí le máirseálacha i gcoinne stáisiún núicléach, ach faoi seo ní eagraíocht chumasach shuntasach í.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Cogadh Fuar

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Feachtas um Dhí-Armáil Núicléach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 256.