Cynthia Ní Mhurchú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCynthia Ní Mhurchú
Beathaisnéis
Breith1966
57/58 bliana d'aois
Ceatharlach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, láithreoir, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

IMDB: nm0629167 Cuir in eagar ar Wikidata

Iarchraoltóir, abhcóide agus polaiteoir í Cynthia Ní Mhurchú (a rugadh sa bhliain 1966). Sheas sí d’Fhianna Fáil sna toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh sa bhliain 2024.[1][2]

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar mhúinteoir i scoil lán-Ghaeilge i gCeatharlach a chuir sí tús lena saol oibre.

Bhain Cynthia Ní Mhurchú cáil amach mar chomhláithreoir ar Chomórtas Eóraifíse na bliana 1994, in éineacht le Gerry Ryan, an oíche ar cuireadh Riverdance os comhair an tsaoil den chéad uair, agus bhí sí ar dhuine de na craoltóirí Gaeilge ab aitheanta lena linn chomh maith.

Bhí sí ina láithreoir ar na cláir Cúrsaí agus Scaoil Amach an Bobailín ar RTÉ agus d’oibrigh sí le RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin, áit ar craoladh a clár Cynthia Sa gCathaoir. Chuir sí clár an Chrannchuir Náisiúnta i láthair freisin.

Tá Ní Mhurchú ag obair mar abhcóide ó na 1990idí ar aghaidh, i réimse an dlí teaghlaigh go háirithe.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sheas Cynthia Ní Mhurchú d’Fhianna Fáil sna toghcháin Eorpacha 2024 i dtoghlach an Deiscirt.[3] Dúirt sí go gcabhródh a taithí saoil, agus a taithí i saol an dlí go háirithe, go mór léi dá dtoghfaí í.

Dúirt sí go raibh “luí áirithe” aici le Fianna Fáil riamh agus gur cuireadh ceist uirthi i 1990 an mbeadh suim aici a bheith ina hiarrthóir toghcháin dóibh. Tá suim ar leith aici sa dlí teaghlaigh agus sa tsábháilteacht ar líne do chách.

Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sí pósta agus tá beirt chlainne uirthi.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "‘Beidh feachtas dátheangach agam’ – an t-iarchraoltóir Cynthia Ní Mhurchú ag seasamh d’Fhianna Fáil sa toghchán Eorpach" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-07). Dáta rochtana: 2024-03-07.
  2. Evoke.ie (2024-04-02). "Cynthia Ní Mhurchú's 'Girl Power' Approach To Love And Life". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-04-02. Dáta rochtana: 2024-05-24.
  3. "Parlaimint na hEorpa ag caitheamh leis an nGaeilge ‘mar theanga den dara grád’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-24). Dáta rochtana: 2024-05-24.