BLOC

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBLOC
Sonraí
Cineálfíseán ar éileamh
léiriú teilifíse
foireann eagarthóireachta
seirbhís sruthaithe
cainéal Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh29 Samhain 2018
Rialachas corparáideach
MáthaireagraíochtTG4 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinbloc.tg4.ie Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt29475275 Twitter: BLOCTG4 Instagram: bloc_tg4 Snapchat: tg4tv Youtube: UCdiUOkv83enznSFRV9UBA-w TikTok: bloc_tg4 Twitch: bloc_tg4 Cuir in eagar ar Wikidata

Ardán do dhaoine óga ar na meáin shóisialta is ea BLOC. Bíonn físeáin á gcur amach air a bhaineann le "cúrsaí taistil, ceisteanna sóisialta, ábhar grinn agus gearrscannáin".[1] Sheol TG4 i dtús báire é i mí na Samhna 2018.

Cuireann BLOC fáilte roimh 'scéalaithe físe' atá ag iarraidh ábhair a chruthú agus a fhoilsiú leo "a thugann léargas ar shaol agus ar shainspéiseanna daoine óga atá ag tosú amach agus ag baint súp as an saol." Cuirtear ceardlanna ar siúl dóibh san iriseoireacht mhóibíleach.[2]

Glacadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chruthaigh BLOC "go maith leis an lucht féachana agus sháraigh siad spriocanna na bliana tosaigh"[1] agus faoi dheireadh 2022 bhí os cionn 3 mhilliún babhta féachana faighte ag físeáin an ardáin "le ríleanna Instagram agus TikTok" ar na líonraí ba mhó.[3]

Podchraoltaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá glac podchraoltaí curtha ar bun ag daoine faoi scáth BLOC.

Podchraoladh Láithreoir(í) Tús Naisc
Gafa Sinéad Ní Chuinn agus Rút Ní Theimhneáin 2024 RSS, Podbean, Podcast Republic, Apple, Spotify, Google
Cork-Ick Seán agus Cian 2022 RSS, Podbean, Podcast Republic, Apple, Spotify Google
Canbhás Uí Chiaraidh Micheál Ó Ciaraidh 2020 RSS, Spotify, Google

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 TG4 (2018). "Tuarascáil Bhliantúil 2018". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 08 Deireadh Fómhair 2022.
  2. "‘Scéalaithe Físe’ á lorg ag TG4". NÓS (20 Feabhra 2018). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Nollaig 2018.
  3. TG4 (2022). "Tuarascáil Bhliantúil 2022". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 05 Bealtaine 2024.