Jump to content

Aithris (bitheolaíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Taispeántas na dathaithrise idir an fheithid Mantis religiosa agus an planda Asteraceae

Sa bhitheolaíocht éabhlóideach, is éard is aithris ann ná an chosúlacht a léiríonn speiceas amháin d'ainmhithe, ach go háirithe na feithidí, le speiceas eile, a chosnaíonn é nó an dá cheann acu ó chreachadóirí. Is féidir gurb i dtéarmaí dealraimh, crutha, iompraíochta, fuaime, bolaidh nó fiú suímh, a aimsítear an mhacasamhail agus iad beirt an-ghar dá chéile.

Tarlaíonn an aithris nuair a fabhraíonn grúpa orgánach, na haithriseoirí, i dtreo is go gcomhroinneann siad tréithe meabhairbhraite coiteann le grúpa eile, na samhlacha. Stiúrann gníomh roghnach an ghlacadóra an éabhlóid. Mar shampla, éin a bhaineann úsáid as radharc chun feithidí inite a aithint (an t-aithriseoir), ach ag an am céanna a sheachnaíonn na samhlacha urchóideacha.

Tógtha le chéile, tugtar aithris choimpléasc ar an staid seo. De ghnáth, is speiceas eile é an tsamhail ach amháin i gcásanna na huasúileth-aithrise. Is minic gurb orgánach idirmheánacha eile an glacadóir comhartha cosúil le creachóir coiteann an dá speiceas, ach d'fhéadfadh sé gurb é an tsamhail féin, mar shampla leamhan ag déanamh aithris ar a damhán alla, a chreachadóir. Mar idirghníomhaíocht, bíonn an aithris i bhformhór na gcásanna ina bhuntáiste do na haithriseoirí agus ina mhíbhuntáiste don ghlacadóir, ach is féidir go mbeadh méadú, laghdú nó gan éifeacht a bheith ar oiriúnachta na samhla, ag brath ar an staid. Bíonn sé deacair samhlacha a shainmhíniú i gcásanna áirithe, mar shampla, is féidir nach mbíonn spotaí súl cosúil le súile orgánaigh ar leith eile, agus is minic nach féidir duaithníocht a chur i leith aon tsamhail ar leith.

An chiaróg dhuille (Chrysolina americana) i bhfolach ar an phlanda 'Salvia sp'.

Go bunúsach, is éard is duaithníocht ann (sa chás ina mbíonn speiceas cosúil len a thimpeallacht) ná amharcaithris. Sa lár, idir 'duaithníocht' agus 'aithris' bíonn a mhiméis ann, ina thógann an t-aithriseoir airíonna ruda nó orgánaigh ar leith, agus is airíonna iad atá neodrach don glacadóir comharthaná. Is féidir an easpa fíor-idirdhealaithe idir an dá feiniméin a fheiceáil in ainmhithe atá cosúil le craobhóga, coirt, duilleoga nó [ bláth|bláthanna]], sa mhéid is go mbíonn siad aicmithe go minic mar 'duaithnithe' (Is cuid den phlanda a "thimpeallacht"), ach rangaítear iad uaireanta mar aithriseoirí (bíonn planda ina orgánach feisin). Is coincheap níos leithne é 'an criopsach' (Béarla:Crypsis) a chuimsíonn gach cineál modha a n-úsaidtear chun braite a sheachaint, mar shampla aithris, duaithníocht, dul i bhfolach srl