Agóidí na mac léinn in aghaidh brúidiúlacht Iosrael sa Phalaistín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAgóidí na mac léinn in aghaidh brúidiúlacht Iosrael sa Phalaistín
Cineálstudent protest (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deIsrael–Hamas war protests (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Thosaigh agóidí na mac léinn in aghaidh brúidiúlacht Iosrael sa Phalaistín in 2024, ag dul i dtreise le linn mhí Aibreáin sna Stáit Aontaithe.

Agóid i Heilsinci
UCLA

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Iosrael an Stráice Gaza faoi léigear in 2023 agus thosaigh gorta le linn 2024. De réir réamhordú ar an 26 Eanáir 2024 sa Háig, d’fhógair an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta go gcaithfidh Iosrael cinntiú nach bhfuil cinedhíothú ar siúl i Stráice Gaza.[1][2][3]

Ag an am céanna, rinneadh géarleanúint níos mó ná riamh ar na Palaistínigh sa Bhruach Thiar.

Agóidí sna Stáit Aontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi dheireadh mhí Aibreáin 2023, bhí cuid den mic léinn san Ivy League ag fiuchadh le fearg. Bhí an lucht agóide ag éileamh go stopfadh ollscoileanna gnó a dhéanamh le hIosrael nó le cuideachtaí a thacaíonn leis an gcogadh in Gaza.[4]

I dtús mhí Bealtaine, ghabh na póilíní sna Stáit Aontaithe na céadta mac léinn a bhí ag agóidí ar son na Palaistíne ar champais ar fud na tíre. Rinne póilíní Nua Eabhrac agus Los Angeles a mbealach isteach sna champaí agóide ag Ollscoil Columbia agus UCLA le fórsa, ag coinneáil roinnt agóideoirí agus ag stróiceadh na bpuball.[4]

Agus mic léinn ag leanúint ar aghaidh ag agóid ar fud na tíre, shéan an tUachtarán, Joe Biden, go gcaitheann na Stáit Aontaithe go leatromach le hagóideoirí ach dúirt sé go gcaithfidh “ordú a bheith i réim”.[4]

Agóid i gColáiste na Trionóide, BÁC[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí agóid ag mic léinn Choláiste na Tríonóide ar son na Palaistíne agus in aghaidh na nascanna a bhí ag an ollscoil le hIosrael, i measc eile. Dúnadh an t-ionad Leabhar Cheanannais. Lonnaigh Trinity Boycott, Divestment and Sanctions (BDS) campa i gCearnóg na gComhaltaí ar an champas. Bhí na mic léinn ag iarraidh go ndéanfaidh an Coláiste dífheistiú iomlán ó Iosrael chomh maith le 10 gcomhlacht de chuid Iosrael agus, thairis sin, ráiteas poiblí a eisiúint a léiríonn dlúthpháirtíocht i gcoinne an chinedhíothaithe agus “cúiteamh” a sholáthar a thacódh le 100 mac léinn Palaistíneach. Ghlac agóideoirí an champa le cinneadh an Choláiste trí dhul ar mhórshiúl chomh fada le hoifig an déin shóisearaigh le bratacha agus comharthaí agus iad ag scairteadh amach.

Faoi dheireadh ar an 7 Bealtaine, bhí comhaontú déanta idir Coláiste na Tríonóide agus mic léinn a bhí páirteach in agóid ar an gcampas.[5][6][7] Bhí sé aontaithe ag bainistíocht an Choláiste dífheistiú a dhéanamh ó institiúidí de chuid Iosrael. Ag an am céanna, cuireadh deireadh leis an chosc ar ghnáthsheirbhísí na hollscoile. D’eisigh an Coláiste ráiteas a cháin an foréigean a thit amach ar an 7 Deireadh Fómhair 2023 agus an t-ionsaí leanúnach a bhí á dhéanamh ag Iosrael ar mhuintir na Palaistíne, ar chuir siad síos air mar “uafásach” agus “díréireach”. Anuas air sin, dúirt an Coláiste go leagfaidh siad táillí teagaisc agus táillí lóistín ar leataobh d’ochtar mac léinn as Gaza chun bheith ag staidéar i mBÁC agus bhí sé geallta acu tuilleadh spásanna a sholáthar trína bheith ag comhoibriú le páirtithe leasmhara.[8]

Bunaíodh meitheal oibre, idir bhaill foirne agus mic léinn, chun iarracht “saoirse acadúil a chaomhnú” agus a bheith ag obair i dtreo cén uair le hinfheistiú agus le dífheistiú ó stáit a sháraíonn cearta daonna a thuiscint. Dúirt an ollscoil nach gcuirfidh siad bac ar acadóirí aonaracha atá ag obair le hacadóirí nó le hinstitiúidí in Iosrael.[8]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Conradh na Gaeilge, Londain (27 Eanáir 2024). "‎Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-01-28.
  2. icj-cij.org/ (26 Eanáir 2024). "APPLICATION OF THE CONVENTION ON THE PREVENTION AND PUNISHMENT OF THE CRIME OF GENOCIDE IN THE GAZA STRI (SOUTH AFRICA v. ISRAEL)". Dáta rochtana: 2024.
  3. "Application of the Convention on the Prevention and Punishment of the Crime of Genocide in the Gaza Strip (Sou". www.icj-cij.org. Dáta rochtana: 2024-01-28.
  4. 4.0 4.1 4.2 Conradh na Gaeilge, Londain (4 Bealtaine 2024). "‎Nuacht Mhall:(Baile Átha Cliath)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-05-04.
  5. Tús Áite . RnaG (2024-05-08). "Agóidi i g Coláiste na Trionóide; labhair Seathrún Sardina, Uachtarán PWO Choláiste na Trionóide agus Taighdeoirí Dochtúireachta faoin scéal seo" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-05-18.
  6. catherine@cliccreate.com (2024-02-12). "Episode #22 An Calafóirneach Gaelach - A Conversation with Séathrún Sardina" (en-US). The Language Question. Dáta rochtana: 2024-05-18.
  7. "Tacaíocht léirithe ag Sabina Higgins d’fheachtas atá eagraithe ag grúpa Gaeltachta ar son ghasúir Gaza" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-04-26). Dáta rochtana: 2024-05-18.
  8. 8.0 8.1 Conor Torbóid (2024-05-08). "Coláiste na Tríonóide le dífheistiú a dhéanamh ó Iosrael de bharr agóidí BDS" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2024-05-18.