Jump to content

Uachtar reoite

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaUachtar reoite
Sonraí
Cineálfrozen dessert (en) Aistrigh, dessert with spoon (en) Aistrigh agus soft cow dairy product (en) Aistrigh
Príomh-chomhábhairbainne, uachtar, siúcra agus flavoring (en) Aistrigh

Is bia é uachtar reoitereoiteog a itear go forleathan timpeall na cruinne é. Déantar le uachtar, bainne, uibheacha, siúcra agus purée torthaí, más gátar sin, é. Reoitear na comhábhair agus coimeadtar reoite i gcónaí iad. Bíonn teocht íseal ag uachtar reoite nuair a itear é. Braitheann uigeacht an uachtair reoite ar cé chomh fuar is atá sé. Má tá sé fíor-reoite, beidh sé crua, ach má thosaíonn sé ag téamhú, tosóidh sé ag leá agus beidh uigeacht bog aige agus is furast le dhuine é a scaobadh ansin.

Coirceog reoiteoige

Is iomaí cineál agus blasanna uachtar reoite atá ann. Is féidir comhábhair éagsúla a chumasc leis an oideas bunaidh. Is féidir torthaí, seacláid, brioscáin, milseáin, cnónna, taifí, caife, alcól is araile a mheascadh leis an uachtar reoite chun blasanna agus dathanna éagsúla a thabhairt dó.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní fios go díreach cé a d’airg uachtar reoite[1]. B’fhéidir gurbh iad muintir na Síne a d’airg é, chomh luath le 3,000 R.C.

Is dócha gur tháinig nós an uachtair reoite ón tSín chun na Eorpa sna Meánaoiseanna. In imeacht aimsire, bhí tóir ar uachtar reoite i gcúirteanna ríoga na Fraince agus na hIodáile.

Ansin leath an nós go Stáit Aontaithe Mheiriceá.   Nuair a bhí cuisneoirí agus reoiteoirí ar fáil go forleathan, bhí sé níos éasca uachtar reoite a dhéanamh.  

1954 Morris

Nósanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is deas an só é uachtar reoite, go háirithe ar lá te samhraidh.

Is nós le daoine é a ithe mar mhilseog tar éis béile a chaitheamh. Is féidir freisin uachtar reoite a ithe in aonar am ar bith mar smailc i rith an lae, nó nuair a mbíonn daoine ag breathnú ar scannáin.

Tá cáil faoi leith ar an uachtar reoite a dhéantar san Iodáil. Síltear gurb é an uachtar reoite is fearr ar domhan. Gelato a ghlaonn muintir na hIodáile ar uachtar reoite.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]