Teinisín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachTeinisín
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach, dúile sintéiseacha agus dúil cheimiceach
Teinisín sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachTs agus Uus
Uimhir adamhach117
Peiriad, Grúpapeiread 7
halaiginí
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Stair
AimsitheoirYuri Oganessian
Fionnachtain2009 agus 2010
EapainmTennessee

Is dúil cheimiceach é an teinisín.[1] Is é an uimhir adamhach atá aige ná 117 agus is é Ts an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha.

Tháinig eolaithe Rúiseacha agus Meiriceánacha ar an teinisín in éineacht i lárionad taighde na fisice in Dubno in aice le Moscó sa bhliain 2010. Fuair an dúil a hainm ó eagraíochtaí idirnáisiúnta na gceimiceoirí (Aontas Idirnáisiúnta na Glancheimice is na Ceimice Feidhmí, IUPAC) agus na bhfisiceoirí (Aontas Idirnáisiúnta na Glanfhisice is na Fisice Feidhmí, IUPAP) sa bhliain 2016. Is é stát Tennessee sna Stáit Aontaithe is bunús leis an ainm.

Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil radaighníomhach é an teinisín a dtagann meath radaighníomhach uirthi go tiubh. San am chéanna áfach deir na fisiceoirí go bhfuil an teinisín cuíosach cobhsaí i gcomparáid leis na dúile eile ar aon mheáchan, a bheag nó a mhór, leis. Deirtear go bhfuil an teinisín suite in "oileán na cobhsaíochta", is é sin, i ngrúpa na ndúl trom nach bhfuil ag cloí le gnáthchlaonadh na ndúl seo ó thaobh na leathré de. Mar sin féin, níl an t-iseatóp is cobhsaí atá ag an teinisín, Ts-294, ach 51 mhilleasoicind ar leathré.

Tá an teinisín suite in aon ghrúpa leis na halaiginí i dtábla peiriadach na ndúl, ach is deacair a rá an bhfuil a iompar ceimiceach cosúil leis na halaiginí. Ar an gcéad dul síos, cuireann iarmhairtí coibhneasaíocha (iarmhairtí a bhfuil baint acu le teoiric coibhneasachta Einstein) an córas peiriadach as a riocht ag dúile atá chomh trom seo, agus ar an dara dul síos, tá an teinisín chomh héagobhsaí is nach féidir eiseamal de a aonrú a chuirfeadh ar chumas na gceimiceoirí turgnaimh a dhéanamh leis an teinisín.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “teinisín” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-06.