Neodracht na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cionn Ghleann Gad[1] Scríobhadh "Éire" amach le linn Ré na Práinne ar eagla na heagla

Is tír "neodrach" í Éire. De réir 'phrótacail na dtrí ghlas', caithfidh Rialtas na hÉireann, Dáil Éireann agus na Náisiúin Aontaithe, caithfidh siad ar fad a mbeannacht a thabhairt sula gcuirtear Óglaigh na hÉireann ar fiannas thar lear. Ar an 30 Aibreán 2024 dhearbhaigh an Taoiseach Simon Harris sa Dáil go raibh an Rialtas meáite ar phrótacail na dtrí ghlas a athrú.[2][3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1930idí, d'fhógair Éamon de Valera go bhfanfadh an tír amach ón gcogadh, agus an tír ag cloí le polasaí dian na neodrachta. Chuir Winston Churchill agus rialtas na Breataine an-bhrú air dul chun cogaidh i gcoinne na nGearmánach. Meastar go raibh de Valera ag iarraidh a thaispeáint don tsaol mhór gur tír neamhspleách í Éire. Ach is féidir a rá nárbh fhíor-neodracht í in aon chor, ach "neodracht i bhfabhar leis na Comhghuallaithe".

Príomhalt: Ré na Práinne

ECAT[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl Éire ina ball den Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i láthair na huaire. Ach cinnte tá Rialtas na hÉireann ag comhoibriú le ECAT. Mar gheall ar na bagairtí sna 2020idí (mar shampla, maidir le cibirionsaithe agus cosaint cáblaí sonraí ar ghrinneall na farraige timpeall na hÉireann), tá Éire i bpriacal ó ‘ghéarbhagairt ar muir’ ón Rúis agus ag an am céanna, tá Éire ag diúgaireacht ar ECAT maidir le cúrsaí cosanta.[4] Tá Éire mar chuid de thionscadal ina bhfaighfinn sí comhairle ó ECAT. Ag an am céanna, tá beartais i bhfeidhm san AE chun comhoibriú idir an AE agus ECAT a neartú i réimsí slándála agus cosanta.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. logainm.ie. "Glengad Head". Dáta rochtana: 2024.
  2. Nuacht RTÉ (2024-05-29). "'Pobal Roimh Bhrabús ina maidríní lathaí ag Putin' – Aire Stáit" (as ga-IE). 
  3. "Taoiseach insists neutrality ‘not at risk’ with removal of triple lock for UN peacekeeping missions" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-06-05.
  4. Eoin Ó Murchú (12 Feabhra 2024). "Neodracht faoi bhagairt agus cáineadh breise sna meáin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-15.
  5. Máirtín Ó Duibhir (13 Márta 2024). "Ceisteanna cosanta agus cumhachta ag éirí níos casta san AE" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-15.