Matamaitic
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é rud is matamaitic ann ná staidéar ar phatrúin struchtúir, ar phatrúin athraithe, agus ar phatrúin spáis. Tagann an focal "matamaitic" ón nGréigis μάθημα (máthema), agus ciallaíonn sé "eolaíocht, eolas, nó foghlaim". Go neamh-fhoirmiúil d’fheadfá a rá gurb iad uimhreacha agus cló a hábhar staidéir. Dar leo siúd ar a glaoitear na foirmiúlaigh, is taighde í de struchtúir teibí atá sainithe go aicsímiteach agus atá bunaithe ar loighic agus ar nodaireacht na matamaitice.
Shíolraigh an mhatamaitic ó chomhaireamh, ríomhadh, agus tomhas, trí úsáid a bhaint as teibiú agus réasúnú loighciúil agus an staidéar córasach ar chruthanna agus ghluaisní rudaí fisiceacha .
Bhí eolas agus úsáid na matamaitice bunúsach i dtólamh agus ina bhun-tréith agus ina ndlúth-ghré den saol indibhidiúil agus comhchoiteann.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.

