Karim Ahmad Khan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKarim Ahmad Khan

(2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en-gb) Karim Asad Ahmad Khan
30 Márta 1970
54 bliana d'aois
Dún Éideann, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta
16 Meitheamh 2021 –
← Fatou Bensouda
Recorder (en) Aistrigh
2018 –
Abhcóide na Banríona
2011 – Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste an Rí, Londain
University of Nice Sophia Antipolis (en) Aistrigh
Silcoates School (en) Aistrigh
Scoil Dlí Dickson Poon
Coláiste Wolfson Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreDlí idirnáisiúnta, criminal procedure (en) Aistrigh agus dlí coiriúil
Gairmabhcóide (1992–), breitheamh, saineolaí dlí Cuir in eagar ar Wikidata
Fostóiran Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
AthairSaeed Khan (en) Aistrigh
SiblínImran Ahmad Khan
Croineolaíocht
17 Márta 2023International Criminal Court arrest warrants for Vladimir Putin and Maria Lvova-Belova (en) Aistrigh
International Criminal Court arrest warrants applications for Israeli and Hamas leaders (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Dlíodóir Briotanach agus príomh-ionchúisitheoir an CCI is ea Karim Asad Ahmad Khan KC (a rugadh ar an 30 Márta 1970). Is speisialtóir sa dlí coiriúil idirnáisiúnta agus sa dlí idirnáisiúnta um chearta an duine é, agus tá sé ag feidhmiú mar Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (CCI) ó 2021 i leith.

Karim Khan sa Chambóid in 2009
Karim Ahmad Khan in Kharkov, An Úcráin, 2022
An Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta sa Háig

Oideachas agus gairm bheatha luath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh oideachas air i Silcoates School, ghnóthaigh Khan céim LLB agus AKC ó King's College Londain.[1] Ghlaoigh Lincoln's Inn ar Bharra Shasana agus na Breataine Bige é i 1992. Ina dhiaidh sin d'fhreastail sé ar Choláiste Wolfson in Ollscoil Oxford mar iarrthóir Dochtúireachta (D.Phil.) sa dlí, cé nár chríochnaigh sé an cúrsa agus nach bhfuil Dochtúireacht aige. Idir 1993 agus 1996 bhí Khan ina Ionchúisitheoir Corónach ag Seirbhís Ionchúisimh na Corónach i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, chomh maith le hIonchúisitheoir Sinsearach na Corónach i 1995.

Gairm sa dlí idirnáisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó 1997, d’oibrigh Khan mar Oifigeach Dlí in Oifig an Ionchúisitheora ag an mBinse Coiriúil Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv (ICTY) idir 1997 agus 1998. D’oibrigh sé níos déanaí mar Chomhairleoir Dlí in Oifig an Ionchúisitheora ag an mBinse Coiriúil Idirnáisiúnta do Ruanda (ICTR) go dtí 2000.

Idir 2006 agus 2007, bhí Khan ina phríomh-abhcóide cosanta d’ iarUachtarán na Libéire Charles Taylor os comhair na Cúirte Speisialta do Siarra Leon (SCSL).

Ar an 31 Bealtaine 2018, cheap Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres, Khan mar Ard-Rúnaí Cúnta na Náisiún Aontaithe. Idir 2018-2021, ghníomhaigh Khan san Iaraic mar Chomhairleoir Speisialta agus mar Cheann ar Fhoireann Imscrúdaithe na Náisiún Aontaithe chun Cuntasacht a chur chun cinn as Coireanna a rinne Daesh/ISIL san Iaráic (UNITAD) [a bunaíodh de réir rún 2379 (2017) ón gComhairle Slándála chun tacú le hiarrachtaí náisiúnta chun ISIL (Daesh) a choinneáil cuntasach as gníomhartha a d'fhéadfadh a bheith ina gcoireanna cogaidh, cinedhíothú, agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna san Iaráic].[2]

An 12 Feabhra 2021, toghadh Khan mar phríomh-ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (CCI).[3]

Cás in aghaidh Hamas agus Rialtas Iosrael[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 20 Bealtaine 2024, dúirt príomh-ionchúisitheoir an ICC, Karim Khan, go raibh iarratas déanta aige ar bharántais mar gheall ar chúiseanna a bhain le coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta. Dúirt Khan go bhféadfaí cás réasúnta a dhéanamh go raibh na ceannairí freagrach de réir dlí as coireanna cogadh agus coireanna in aghaidh na daonnachta a tharla ón 7 Deireadh Fómhair 2023.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Khan, Karim Asad Ahmad, (born 30 March 1970), QC 2011; barrister; a Recorder, since 2018; Chief Prosecutor, International Criminal Court, since 2021." WHO'S WHO & WHO WAS WHO.
  2. Michelle Nichols (August 23, 2018), U.N. team, approved a year ago, starts work on Islamic State crimes in Iraq Reuters.
  3. "British barrister Karim Khan elected ICC's new chief prosecutor" (en). the Guardian.
  4. "Barántais ghabhála á lorg ag ionchúisitheoir an ICC do Netanyahu agus ceannairí Hamas" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-20). Dáta rochtana: 2024-05-20.