Foréigean gnéasach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
fógra de chuid an West Midlands Police, Sasana

Áiríonn foréigean gnéasach (nó foréigean inscneforéigean dírithe ar inscne)[1] foirmeacha foréigin, amhail foréigean i ndlúthchaidreamh, ionsaí gnéasach (lena n-áirítear éigniú agus ciapadh), foréigean síceolaíoch agus eacnamaíoch, gáinneáil ar dhaoine, striapachas éigeantais, sclábhaíocht, agus cineálacha éagsúla de chleachtais dhíobhálacha, mar phóstaí leanaí agus/nó cleamhnas, ciorrú ball giniúna ban, coireanna a dhéantar ar son na honóra mar a thugtar air, ginmhilleadh éigeantais, toircheas éigeantais agus steiriliú éigeantais.[2]

cé chomh tromchúiseach agus atá éigniú

Sochaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá foréigean inscne (in aghaidh na mban go minic)[3] bunaithe ar ghaol cumhachta struchtúrach ordlathach agus neamhionann atá fréamhaithe i noirm inscne a bhaineann le cultúr. Taispeánann sé freisin an t-ordú san ord siombalach agus cultúrtha, agus is minic a nochtann sé é féin i bhforéigean díreach.

Is ionann foréigean inscne agus ceann de na mí-úsáidí is forleata ach is lú aitheanta in aghaidh chearta an duine. Gníomh nó bagairt díobhála é a dhéantar ar dhuine mar gheall ar a n-inscne. Cuireann foréigean inscne le bochtaineacht agus le drochshláinte ar fud an domhain agus cuireann sé bac ar an-chuid daoine, mná a bhformhór acu, leas a bhaint as lán a n-acmhainneachta.[4]

Tuairisciú coireanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir figiúirí atá curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, tugann beagnach dhá thrian d'íospartaigh tuairisc ar an ionsaí gnéasach a rinneadh orthu do na Gardaí taobh istigh de bhliain ach fanann duine as gach cúigear níos mó ná deich mbliana sula dtéann siad chuig na húdaráis. Fir, thar mhná, is mó a bhfuil drogall orthu tuairisc a thabhairt do na Gardaí.[5]

Bhí aithne ag formhór na ndaoine (seachtar as gach deichniúr íospartach) a ndearnadh ionsaí gnéasach orthu in 2022 ar an té a bhí ciontach ann. Cara nó duine muinteartha leis an íospartach ab ea 14% de na ciontóirí agus leannán nó iarleannán an íospartaigh ab ea 7% díobh. Strainséirí ab ea 29% díobh. Mná nó cailíní ab ea ceathrar as gach cúigear íospartach agus bhí a leath acu faoi ocht mbliana déag.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Gender-related violence" (as en) (2022-10-14). Wikipedia. 
  2. eige.europa.eu. "Gender-based violence against women" (ga-IE). European Institute for Gender Equality. Dáta rochtana: 2023-01-20.
  3. "Violence against women" (as en) (2023-01-02). Wikipedia. 
  4. "Cúrsaí Comhionannais Inscne - Department of Foreign Affairs". www.irishaid.ie. Dáta rochtana: 2023-01-20.
  5. 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2024-04-30). "Aithne ag a lán íospartach ar an té a rinne ionsaí gnéasach orthu" (as ga-IE).