Dhimmi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist leis an téarma stairiúil Dhimmi ná géillsinigh neamh-Mhoslamacha sa stát Ioslamach. Ciallaíonn an focal 'duine faoi chosaint'. De réir scoláirí, bhí a gcearta cosanta ar fad ag na dhimmis ina bpobail féin, ach mar ghéillsinigh sa stát Ioslamach, bhí srianta áirithe orthu agus bhí sé éigeantach an cháin Jizya a íoc. Ní raibh cearta polaitiúla acu agus uaireanta bhí orthu an zunnar a chaitheadh. Chomh déanach le 2013, san Éigipt bhí an Bráithreachas Moslamach ag cur jizya ar 15,000 Coptach Críostaí i sráidbhaile Dalga.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]