Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2024

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2024
MALMÖ 2024
Dátaí
Babhta leathcheannais 1 7ú Bealtaine 2024
Babhta leathcheannais 2 9ú Bealtaine 2024
Finale 11ú Bealtaine 2024
Óstach
Ionad Arena Malmö, Malmö, An tSualainn
Craoltóir Sveriges Television (SVT)
Rannpháirtithe
Iontrálacha 37 (go dtí seo)
Céaduair: Ceann ar bith
Tíortha ag filleadh: Lucsamburg
Tíortha ag tarraingt amach: An Rómáin
Rannpháirtíocht

██ Tíortha páirteacha

██ Tír nár cháiligh don bhabhta ceannais

██ Tíortha a ghlac páirt roimhe seo ach nach bhfuil ag glacadh páirte i 2024

██ Tír a dícháilíodh

Vótáil
Nul points: Ceann ar bith
Buaiteoir: An Eilbhéis ("The Code")
Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse
← 2023
2025 →

Reáchtáladh Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2024[1] i Malmö na Sualainne idir 7-11 Bealtaine 2024, an 68ú heagrán bliantúil de Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse.[2] Ba é an tríú huair a bhí an comórtas ar siúl i Malmö i ndiaidh na comórtais 1992 agus 2013. Bhí Malin Åkerman agus Petra Mede mar ostaigh agus d'eagraigh Aontas Craolacháin na hEorpa [en] (EBU) an comórtas in éineacht leis an gcraoltóir Sualannach Sveriges Television (SVT).

Ghlac 37 tír páirt sa chomórtas. D'fhill Lucsamburg ar an gcomórtas tar éis 31 bliain gan páirt a ghlacadh. Tharraing an Rómáin amach as an gcomórtas. Dícháilíodh an Ísiltír ón gcomórtas idir an dara babhta leathcheannais agus an babhta ceannais ach bhí sí fós in ann vótáil.

Bhí bua an chomórtais ag an Eilbhéis, an t-amhrán "The Code" a chan Nemo agus a scríobh Nemo in éineacht le Benjamin Alasu, Lasse Midtsian Nymann, and Linda Dale.

Eagrú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í an Eilvéis a bhuaigh Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2024. Nemo a bhí ag déanamh ionadaíochta thar ceann na tíre sin. Chan sí an t-amhrán ‘The Code’.[3]

Ba sa 6ú háit a chríochnaigh Éirinn, agus bhí sé 24 bliain ó shin ó bhí toradh chomh maith ag Éirinn sa chomórtas. Bhí ionadaí na hÉireann, Bambie Thug, an-mhórálach as an tacaíocht a fuair sí thall ó lucht leanúna na hÉireann.[2][4] Chan sí an t-amhrán ‘Doomsday Blue’, amhrán a tharraing conspóid (foréigean agus scanrúil).[5][6][7]

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí conspóid mhór tarraingthe sa chomórtas agus go leor an-mhíshásta faoi go bhfuil Iosrael san iomaíocht. Géaraíodh ar sin nuair a cháiligh Iosrael do sheisiún na craoibhe. Bhí léirsiú ar siúl ar shráideanna chathair Malmö agus lucht tacaíochta na bPailistíneach ag léiriú a míshástachta faoi rannpháirtíocht Iosrael sa chomórtas.[8]

Ansin thug Cónaidhm Craoltóireachta na hEorpa[9] le fios nach raibh an t-amhránaí ón Ísiltír, Joost Klein, ag glacadh aon pháirt sa gComórtas. Cuireadh an ruaig ar Klein i ndiaidh do bhean a bhí ag obair ar léiriú an chomórtais gearán a dhéanamh faoi. Bhí póilíní na Sualainne i mbun a gcuid fiosrúchán faoin ngearán agus dá réir sin shocraigh EBU nach bhféadfadh Klein a bheith páirteach sa gComórtas.[10]

Rannpháirtithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tír[11] Ceoltóir Amhrán Teanga(cha)
An Airméin Ladaniva "Jako" Airméinis
An Albáin Besa Kokëdhima "Titan" Béarla
An Asarbaiseáin Fahree "Özünlə apar" Béarla, Asarbaiseáinis
An Astráil Electric Fields "One Milkali (One Blood)" Béarla, Yankuntytjatjara
An Bheilg Mustii[12] "Before The Party's Over" Béarla
An Chipir Silia Kapsis[13] "Liar" Béarla
An Chróit Baby Lasagna "Rim Tim Tagi Dim" Béarla
An Danmhairg Saba "Sand" Béarla
An Eastóin 5miinust & Puuluup "(nendest) narkootikumidest ei tea me (küll) midagi" Eastóinis
An Eilvéis Nemo "The Code" Béarla
Éire Bambie Thug "Doomsday Blue" Béarla
An Fhionlainn Windows95man "No Rules!" Béarla
An Fhrainc Slimane[14] "Mon amour" Fraincis
An Ghearmáin Isaak "Always On The Run" Béarla
An Ghréig Marina Satti[15] "Zari" Gréigis
An Iodáil Angelina Mango "La Noia" Iodáilis
An Iorua Gåte "Ulveham" Ioruais
An Íoslainn Hera Björk "Scared of Heights" Béarla
An Iosrael Eden Golan "Hurricane" Béarla, Eabhrais
An Ísiltír Joost Klein COISCTHE (mí-iompar) [16] "Europapa" Ollainis
An Laitvia Dons "Hollow" Béarla
An Liotuáin Silvester Belt "Luktelk" Liotuáinis
Lucsamburg Tali "Fighter" Fraincis, Béarla
Málta Sarah Bonnici "Loop" Béarla
An Mholdóiv Natalia Barbu "In The Middle" Béarla
An Ostair Kaleen "We Will Rave" Béarla
An Pholainn Luna "The Tower" Béarla
An Phortaingéil Iolanda "Grito" Portaingéilis
An Ríocht Aontaithe Olly Alexander "Dizzy" Béarla
San Mairíne Megara "11:11" Spáinnis
An Spáinn Nebulossa "Zorra" Spáinnis
An tSeic Aiko[17] "Pedestal" Béarla
An tSeirbia Teya Dora "Ramonda" Seirbis
An tSeoirsia Nutsa "Firefighter" Béarla
An tSlóivéin Raiven[18] "Veronika" Slóivéinis
An tSualainn Marcus & Martinus "Unforgettable" Béarla
An Ucráin Alyona Alyona & Jerry Heil "Teresa & Maria" Úcráinis, Béarla

An Comórtas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bambie Thug a chan ar son na hÉireann
Bambie Thug

Babhta Leathcheannais 1[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí babhta leathcheannais 1 ar siúl ar an 7ú Bealtaine 2024. Sa bhabhta seo, vótáil na 15 tír atá ag canadh in éineacht leis an nGearmáin, an Ríocht Aontaithe agus an tSualainn. Chan na trí thír seo i measc na tíortha eile.

Thosaigh an seó le léiriú ó hiarcheoltóirí an chomórtais, Eleni Foureiri (An Chipir, 2018), Eric Saade (An tSualainn, 2011) agus Chanel (An Spáinn, 2022) ag canadh "Fuego", "Popular" agus "SloMo" faoi seach. Roimh na torthaí, chan Johnny Logan an t-amhrán "Euphoria" le Loreen, a bhuaigh an comórtas don Sualainn i 2012, agus chan an t-amhránaí Sualannach Benjamin Ingrosso, a bhí sa chomórtas sa bhliain 2018, amhráin dá chuid féin "Who's Laughing Now", "Kite" and "Honey Boy".
  Tíortha cáilithe

Torthaí ó bhabhta leathcheannais 1
Ord Tír Ceoltóir Amhrán Pointí Áit
1 An Chipir Silia Kapsis "Liar" 67 6
2 An tSeirbia Teya Dora "Ramonda" 47 10
3 An Liotuáin Silvester Belt "Luktelk" 119 4
4 Éire Bambie Thug "Doomsday Blue" 124 3
5 An Úcráin Alyona Alyona agus Jerry Heil "Teresa & Maria" 173 2
6 An Pholainn Luna "The Tower" 35 12
7 An Chróit Baby Lasagna "Rim Tim Tagi Dim" 117 1
8 An Íoslainn Hera Björk "Scared of Heights" 3 15
9 An tSlóivéin Raiven "Veronika" 51 9
10 An Fhionlainn Windows95man "No Rules!" 59 7
11 An Mholdóiv Natalia Barbu "In the Middle" 20 13
12 An Asarbaiseáin Fahree le Ilkin Dovlatov "Özünlə apar" 11 14
13 An Astráil Electric Fields "One Milkali (One Blood)" 41 11
14 An Phortaingéil Iolanda "Grito" 58 8
15 Lucsamburg Tali "Fighter" 117 5

Babhta Leathcheannais 2[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí babhta leathcheannais 2 ar siúl ar an 9ú Bealtaine 2024. Sa bhabhta seo, vótáil na 16 tír a bhí ag canadh in éineacht leis an bhFrainc, an Iodáil agus an Spáinn. Chan na trí thír seo i measc na tíortha eile.

D'oscail na hostaigh Petra Mede agus Malin Åkerman an seó ag canadh "Tattoo", an t-amhrán a bhuaigh an comórtas don tSualainn an bhliain roimhe, ach d'athraigh siad na liricí. Roimh na torthaí, bhí léiriú ó cheoltóirí a bhuaigh an comórtas tráth — "My Number One" (An Ghréig 2005), "Take Me to Your Heaven" (An tSualainn 1999) and "Everyway That I Can" (An Tuirc 2003). Chan Petra Mede píosa darbh ainm "We Just Love Eurovision Too Much", ag magadh faoin gcomórtas agus an rath atá ag an tSualainn. Chan Käärijä, a tháinig sa dara háit an bhliain roimhe", a amhrán "Cha Cha Cha" freisin.


  Tíortha cáilithe

Torthaí ó bhabhta leathcheannais 2
Ord Tír Ceoltóir Amhrán Pointí Áit
1 Málta Sarah Bonnici "Loop" 13 16
2 An Albáin Besa "Titan" 14 15
3 An Ghréig Marina Satti "Zari" 86 5
4 An Eilbhéis Nemo "The Code" 132 4
5 An tSeic Aiko "Pedestal" 38 11
6 An Ostair Kaleen "We Will Rave" 46 9
7 An Danmhairg Saba "Sand" 36 12
8 An Airméin Ladaniva "Jako" 137 3
9 An Laitvia Dons "Hollow" 72 7
10 San Mairíne Megara "11:11" 16 14
11 An tSeoirsia Nutsa Buzaladze "Firefighter" 54 8
12 An Bheilg Mustii "Before the Party's Over" 18 13
13 An Eastóin 5miinust agus Puuluup "(Nendest) narkootikumidest ei tea me (küll) midagi" 79 6
14 Iosrael Eden Golan "Hurricane" 194 1
15 An Iorua Gåte "Uiveham" 43 10
16 An Ísiltír Joost Klein "Europapa" 182 2

Babhta Ceannais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nemo a chan ar son na hEilbhéise agus a bhuaigh an comórtas

Bhí an babhta ceannais ar siúl ar an 11ú Bealtaine 2024 at 21:00 CEST le 25 tír ag glacadh páirt ann.

Osclaíodh an seó le paráid na mbratach i ndiaidh Björn Skifs ag canadh "Hooked on a Feeling". Don taispeántas roimh na torthaí a fhogairt, chan Alcazar "Crying at the Discoteque", taispeántas ómóis den amhrán "Waterloo" le Abba a bhuaigh an comórtas i 1974 canta ag trúir iarbhuaiteoirí: Carola (An tSualainn 1991), Charlotte Perrelli (An tSualainn 1999) agus Conchita Wurst (An Ostair 2014). Chan Loreen singil nua "Forever" agus an t-amhrán a bhuaigh sí leis an bhliain roimhe darbh ainm "Tattoo".

Ag deireadh an seó, bhí an bua ag Nemo ón Eilbhéis leis an amhrán "The Code". Bhuaigh siad an comórtas le 591 pointí. Fuair siad 266 pointí ó votáil an phobail agus bhuaigh siad vótáil an ghiúiré le 365 pointí.


  Buaiteoir
  Tír a dícháilíodh

Torthaí ón mBabhta Ceannais
Ord Tír Ceoltóir Amhrán Pointí Áit
1 An tSualainn Marcus & Martinus" "Unforgettable" 174 9
2 An Úcráin Alyona Alyona agus Jerry Heil "Teresa & Maria" 453 3
3 An Ghearmáin Isaak "Always on the Run" 117 12
4 Lucsamburg Tali "Fighter" 103 13
5 An Ísiltír Joost Klein "Europapa"
6 Iosrael Eden Golan "Hurricane" 375 5
7 An Liotuáin Silvester Belt "Luktelk" 90 14
8 An Spáinn Nebulossa "Zorra" 30 22
9 An Eastóin 5miinust agus Puuluup "(Nendest) narkootikumidest ei tea me (küll) midagi" 37 20
10 Éire Bambie Thug "Doomsday Blue" 278 6
11 An Laitvia Dons "Hollow" 64 16
12 An Ghréig Marina Satti "Zari" 126 11
13 An Ríocht Aontaithe Olly Alexander "Dizzy" 46 18
14 An Iorua Gåte "Uiveham" 16 25
15 An Iodáil Angelina Mango "la noia" 268 7
16 An tSeirbia Teya Dora "Ramonda" 54 17
17 An Fhionlainn Windows95man "No Rules!" 38 19
18 An Phortaingéil Iolanda "Grito" 152 10
19 An Airméin Ladaniva "Jako" 183 8
20 An Chipir Silia Kapsis "Liar" 78 15
21 An Eilbhéis Nemo "The Code" 591 1
22 An tSlóivéin Raiven "Veronika" 27 23
23 An Chróit Baby Lasagna "Rim Tim Tagi Dim" 547 2
24 An tSeoirsia Nutsa Buzaladze "Firefighter" 34 21
25 An Fhrainc Silmane "Mon amour" 445 4
26 An Ostair Kaleen "We Will Rave" 24 24

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Béarla: Eurovision Song Contest 2024
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-05-12). "6ú áit d'Éirinn sa Chomórtas Eoraifíse;An Eilvéis buacach" (as ga-IE). 
  3. "Nemo - The Code (LIVE) | Switzerland🇨🇭| Grand Final | Eurovision 2024" (as en) . 
  4. "Bambie Thug issues message about love at Eurovision" (as en) (2024-05-11). 
  5. "Bambie Thug - Doomsday Blue (LIVE) | Ireland 🇮🇪 | Grand Final | Eurovision 2024" (as en) . 
  6. RnaG (2024-05-08). "Evelyn O’Rourke, Comhfhreagraí Ealaíona agus Meán RTÉ." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-05-13.
  7. RnaG (2024-05-08). "Rachel Akkoc as Leitir Ceanainn." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-05-13.
  8. Nuacht RTÉ (2024-05-11). "Lucht tacaíochta na bPailistíneach ag léirsiú i Malmo" (as ga-IE). 
  9. EBU nó European Broadcasting Union
  10. "Dutch Contestant Disqualified From Eurovision Song Contest" (en). TIME (2024-05-11). Dáta rochtana: 2024-05-12.
  11. "Eurovision 2024: 37 broadcasters head to Malmö" (en) (2023-12-05). Dáta rochtana: 2023-12-13.
  12. "Belgium announces first artist for Eurovision 2024!" (en-US). Eurovision.tv (2023-08-30). Dáta rochtana: 2023-09-28.
  13. "Cyprus: Silia Kapsis joins the party!" (en-US). Eurovision.tv (2023-09-25). Dáta rochtana: 2023-09-28.
  14. "Slimane will represent France at Eurovision 2024" (en-US). Eurovision.tv (2023-11-08). Dáta rochtana: 2023-12-13.
  15. "Marina Satti will represent Greece in Malmö" (en-US). Eurovision.tv (2023-10-24). Dáta rochtana: 2023-12-13.
  16. "Joost Klein to represent the Netherlands at Eurovision 2024" (en-US). Eurovision.tv (2023-12-11). Dáta rochtana: 2023-12-13.
  17. "Aiko will represent Czechia at Eurovision 2024" (en-US). Eurovision.tv (2023-12-13). Dáta rochtana: 2023-12-16.
  18. "Raiven brings her ethereal symphony from Slovenia" (en-US). Eurovision.tv (2023-12-12). Dáta rochtana: 2023-12-13.