Jump to content

Ballaonaid Chónaidhm na Rúise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cónaidhm na Rúise comhdhéanta as cúig bhallaonad is ceithre scór, agus beirt ionadaithe ag gach aonad riaracháin den chineál sin i gComhairle na Cónaidhme, arb é teach uachtarach na Parlaiminte sa Rúis. Is féidir na haonaid seo a aicmiú ina sé chatagóir, mar atá, poblachtaí, cúigí - область/oblast´ an téarma Rúisise, críocha (край/krai an téarma Rúisise), cúigí féinrialaitheacha (автономная область/avtonomnaya oblast' an téarma Rúisise), ceantair fhéinrialaitheacha (Rúisis: автономный округ/avtonomnyi okrug) agus Cathracha Cónaidhme.

  • Na poblachtaí féinrialaitheacha: tá aon cheann fichead acu ann. Tá gach poblacht den chineál seo ainmnithe as mionlach eitneach áitiúil, agus i dtús báire, bunaíodh iad le féinrialtas de chineál éigin a chur ar fáil don mhionlach. Go praiticiúil, is minic a bhíonn an Rúisis agus an cultúr Rúiseach chun tosaigh sna poblachtaí seo. Tá a bunreacht agus a parlaimint féin ag gach poblacht den chineál seo.
  • Na cúigí: is é an cúige an ballaonad is tipiciúla sa Chónaidhm. Tá seacht gceann is dhá scór acu ann. Gobharnóir atá i gceannas ar gach cúige, agus is é an rialtas lárnach i Moscó a cheapann é. Thairis sin, tá oireachtas de chineál éigin ann, agus na teachtaí á vótáil isteach sna toghcháin. Go ginearálta, is ionann ainm an chúige agus ainm na cathrach is mó sa chúige.
  • Na críocha: ocht gcinn acu atá ann. Níl mórán difríochta idir iad seo agus na cúigí. Ainm stairiúil is ea an focal край ("críoch"), agus é ag tabhairt le tuiscint gur réigiún in aice leis an teorainn a bhí ann ar dtús.
  • Na cúigí féinrialaitheacha. Níl ach aon cheann amháin ann: Cúige Féinrialaitheach na nGiúdach. Bunaíodh é sa bhliain 1934 mar "mhalairt Iosrael" do na Giúdaigh, nó bhí Stailín buartha faoin Síónachas agus faoin tionchar a bhí aige ar Ghiúdaigh an Aontais Shóivéadaigh. Le fírinne, tá an cúige suite sa Chian-Oirthear, cois na Síne, agus is beag Giúdach a bhí sásta socrú síos ansin.
  • Na ceantair fhéinrialaitheacha. Tá sé cinn ann. Tá siad idir eatarthu ó thaobh an stádais de - níl siad chomh féinrialaitheach leis na poblachtaí, ach tá siad níos féinrialaithí ná na gnáthchúigí. Le haghaidh na mionlach eitneach a bunaíodh na ceantair seo, cosúil leis na poblachtaí féinrialaitheacha.