Jump to content

Oileán Iomaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Iomaidh)
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachOileán Iomaí
Íomhá
CineálOileán taoidmhear agus oileán Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1166277 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53°32′07″N 10°09′27″W / 53.5353°N 10.1575°W / 53.5353; -10.1575
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Achar2.165 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Is oileán Éireannach amach ó chósta Contae na Gaillimhe[1] í Iomaí[2] (nó Iomaidh, Iomaidh Féichín, Oileán Iomaidhe ),

An mhainistir
Reilig
Fothracha
Léarscáil

Mainistir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suíomh de mhainistir Éireannach is ea Iomaidh (Béarla: Omey), ar bhunagh Naomh Féichín í sa 7tú haois.[3] Ba é Naomh Feichín é féin a thóg an mhainistir agus a bhunaigh pobal manach ar an oileán sa 7ú haois. Mhair an mhainistir ar feadh tuairim is 200 bliain go dtí gur fhág cora crua an tsaoil lorg buan ar an bpobal. Rinne na Lochlannaigh ruathar ar an oileán sa 9ú haois.[4]

Bánaíodh an ceantar aimsir an Ghorta Mhóir sa 19ú hAois.

Sa bhliain 1981, tháinig seandálaithe ar Mhainistir Naomh Feichín, neadaithe i measc na ndumhcha cois cladaigh ar Oileán Iomaí.

In 2023 a thosaigh an oilithreacht, ócaid bhliantúil atá beartaithe feasta. Tá saibhreas oidhreachta agus draíocht spioradálta ag baint leis an mainistir i gcónaí, dar le muintir na háite.[4]

Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-oileán tréigthe le fada an lá. Dúnadh an Scoil Náisiúnta i 1973.

Daonra [5]
Bliain Daonra ±% Bliain Daonra ±% Bliain Daonra ±%
1841 397 - 1936 65 −8.5% 1986 12 −42.9%
1851 205 −48.4% 1946 67 +3.1% 1991 12 0.0%
1861 247 +20.5% 1951 66 −1.5% 1996 4 −66.7%
1871 281 +13.8% 1956 54 −18.2% 2002 4 0.00%
1881 219 −22.1% 1961 45 −16.7% 2006 2 −50.0%
1891 126 −42.5% 1966 39 −13.3% 2011 1 −50.0%
1901 115 −8.7% 1971 34 −12.8% 2016 0 0.00%
1911 101 −12.2% 1979 21 −38.2%
1926 71 −29.7% 1981 21 0.0%

Is féidir tabhairt faoin gcuaird trasna an chladaigh agus lagtrá ann, ach ní mór filleadh arís ar an míntír sula mbéarfaidh an taoide ar na gluaisteáin.[4]

Bíonn rásaíocht capall ar an trá gach samhradh.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. amach ó iarthuaisceart Chonamara
  2. Iomaí/Omey Island | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  3. "Oileán naofa agus oileán fuilteach – taisí eile faighte in Iomaí amach ó Chonamara" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-06.
  4. 4.0 4.1 4.2 Nuacht RTE (2024-06-03). "Searmanas speisialta i Mainistir Naomh Feichín" (as ga-IE). 
  5. Central Statistics Office. "CNA17: Population by Off Shore Island, Sex and Year". Dáta rochtana: ctober 12, 2016.