Duaiseanna an Acadaimh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Gradaim an Acadaimh)
Bosca Sonraí EagraíochtaDuaiseanna an Acadaimh
(en) Academy Awards Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgrúpa duaiseanna Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1929
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Codanna

Suíomh gréasáinoscars.org… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: ev0000003 Facebook: TheAcademy Instagram: theacademy Youtube: UCb-vZWBeWA5Q2818JmmJiqQ Cuir in eagar ar Wikidata
Cuireadh tús leis na Gradaim ar an 16 Bealtaine 1929
31ú Gradaim an Acadaimh, Hollywood, 1959.
81ú Gradaim an Acadaimh, Hollywood, 2009.

Is ionann Duaiseanna an Acadaimh, Gradaim an Acadaimhna hOscair,[1] agus gradaim a bhronnann an tAcadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí na Scannán (AMPAS) i Stáit Aontaithe Mheiriceá gach bliain, chun aitheantas a léiriú d'fheabhas na ndaoine gairmiúla i dtionscal na scannán, idir stiúrthóirí, aisteoirí agus scríbhneoirí.

Déantar é seo ag searmanas bronnta gach uile bhliain, i mí an Mhárta de ghnáth. Bíonn sé ar cheann de na himeachtaí teilifíse is mó ar domhan ó thaobh lucht féachana de.

Bronntar deilbhín óir (cré-umha teilgthe agus plátáilte le hór i ndáiríre) ar an duine a thugann an svae leis/léi i gcatagóir ar bith de na gradaim. Rinne an dealbhóir George Stanley an chéad cheann[2] as sceitse de chuid Cedric Gibbons.[3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh tús leis na Gradaim ar an 16 Bealtaine 1929. Reáchtáladh an ócáid san Ostán Roosevelt i Hollywood agus 270 i láthair. Mhair an searmanas cúig nóiméad déag. Bhronn Douglas Fairbanks Oscar ar Janet Gaynor, banaisteoir. Bronnadh Oscar "an t-aisteoir is fearr" ar Emil Jannings[4] in absentia; Naitsíoch cruthanta ba ea é agus d'fhill sé go dtí an Ghearmáin roimh an ócáid, a dheilbhín óir faoina ascaill aige.[5] $5 ba ea luach an dinnéir (b’fhéidir $100 inniu) agus d'ith an lucht scannánaíochta sicín gríosctha ar phíosa tósta, pónairí agus prátaí.[6]

Sa bhliain 1953, craoladh na Gradaim ar an teilifís don chéad uair (19 Márta ar NBC, agus ansin ABC ó 1960).

Bhí conspóid ag Gradaim an Acadaimh 2022 nuair a bhuail an t-aisteoir Will Smith an fuirseoir Chris Rock tar éis dó jóc a insint faoina bhean chéile Jada Pinkett-Smith.[7]

Níor éirigh le An Cailín Ciúin an gradam don scannán i dteanga nach í an Béarla í a thabhairt leo sa bhliain 2023. Bhí dóchas ag na Gaeil go dtabharfadh an chéad scannán Gaeilge a ainmníodh dá leithéid de ghradam an duais mhór thar Atlantach abhaile.[8]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Academy Awardsthe Oscars as Béarla
  2. "George Stanley (sculptor)" (as en) (2024-03-04). Wikipedia. 
  3. "Cedric Gibbons, the Irish American who designed the Oscar" (en-GB). EPIC The Irish Emigration Museum in Dublin | Official Site. Dáta rochtana: 2024-05-16.
  4. "Emil Jannings" (as en) (2024-04-19). Wikipedia. 
  5. Martin Chilton (2024-03-08). "Oscars: The Nazi shame of Best Actor winner Emil Jannings" (en). The Independent. Dáta rochtana: 2024-05-16.
  6. Jason Bailey (2021-01-27). "The First Oscar Ceremony Lasted 15 Minutes. What Happened?" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2024-05-16.
  7. "Tús Áite: Conspóid ag Gradaim Oscars" (en). RTE Radio (2022-03-28). Dáta rochtana: 2024-05-16.
  8. NÓS (2023-03-13). "Deireadh le brionglóid an Oscair do ‘An Cailín Ciúin’" (ga-IE). PEIG. Dáta rochtana: 2024-05-16.